Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
I ndiaidh di an Cúirt a fhágáil, chaith sí tamall sa bhaile sular imigh sí go hAlbain ag obair phreátaí ag sé bliana déag. Mar a chaith sí an t-am sin, tháinig sí na bhaile arís lena hathair nuair a d’éirigh sé tinn. Casadh Joe uirthi, chuaigh seisean anonn ag na préataí arís. | 00:03:49 | |
D’imigh sí féin agus a fear céile, Joe go Glaschú. Pósadh iad nuair a bhí siad 23 nó 24 bliain d’aois. Pósadh a deartháir ar an lá céanna. Bhí bainis dúbailte acu. Nuair a bhí siad 50 bliain pósta, dúirt an sagart a pósadh iad Aifreann sa teach daofa. Chruinnigh an teaghlach uilig agus chodlaidh siad sa tseomra amháin an oíche sin agus ó shin ar a gcomóradh pósta, tagann an teaghlach uilig le chéile an oíche sin. | 00:07:16 | |
Cheannaigh siad teach i nGlaschú. Cur síos ar sin. Bhí páistí acu agus bhí an teach beag. Bhí siad i dteach eile ansin. Rinne sí nóibhéine ag Naomh Antoin le teach a fháil agus tá dóchas mór aici sa nóibhéine. | 00:07:10 | |